Téarmaí & Coinníollacha
Téarmaí & Coinníollacha Ginearálta:
Sainmhínithe agus léirmhíniú.
- Cuntas – ciallaíonn an cuntas a choimeádtar leis an Roinn Oideachais agus Óige agus ar féidir le hÚsáideoir é a úsáid chun teacht ar an Suíomh Gréasáin.
- Acht 1998 – ciallaíonn Acht Oideachais 1998 agus tá an bhrí chéanna le focail nó abairtí arna sainmhíniú in Acht 1998 agus iad siúd in Acht 1998, nuair a admhaíonn an comhthéacs amhlaidh.
- Seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí – ciallaíonn faoi na téarmaí agus coinníollacha seo seoladh ríomhphoist ainmnithe Úsáideora nó an ROÓ chun gach fógra a bhaineann leis an Suíomh Gréasáin a sheirbheáil.
- Sonraí Teagmhála – ciallaíonn seoladh ríomhphoist duine, ar féidir fógraí agus cumarsáidí eile a sheoladh chuige faoi na téarmaí agus coinníollacha seo.
- Sonraí - ciallaíonn na taifid agus an fhaisnéis a úsáidtear i dtaca leis an Iarratas atá déanta ag an Úsáideoir.
- ROÓ - ciallaíonn an Roinn Oideachais agus Óige.
- Foirm - ciallaíonn an fhoirm a chinneann an ROÓ nach mór a úsáid mar chuid den Iarratas ar an Suíomh Gréasáin.
- Seoladh I.P. - ciallaíonn seoladh Prótacail Idirlín.
- Úsáideoir - ciallaíonn aon duine a úsáideann an Suíomh Gréasáin, lena n-áirítear iad sin a chruthaíonn Cuntas.
- Scríobh – lena n-áirítear faisnéis i bhfoirm inléite agus modhanna eile a léiríonn nó a athchruthaíonn focail i bhfoirm infheicthe agus aon fhaisnéis a choimeádtar i bhfoirm neamh-inléite, cibé acu a stóráiltear go leictreonach nó ar shlí eile é, ar féidir é a athchruthú ar aon mhodh inléite.
- Lá Oibre - ciallaíonn lá nach Satharn, Domhnach ná saoire poiblí é.
1. Réamhrá
Tá an ceart maidir le húsáid a bhaint as an Suíomh Gréasáin agus úsáid a bhaint as na Sonraí atá ann á rialú ag na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha amach thíos. Meastar go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha seo léite agus glactha ag daoine a úsáideann an Suíomh Gréasáin.
2. Ceart na téarmaí agus na coinníollacha seo a athrú
- 2.1 Forchoimeádann ROÓ an ceart chun aon cheann nó gach ceann de na téarmaí agus coinníollacha seo a athrú agus foilseoidh sí an leagan reatha ar a suíomh gréasáin.
- 2.2 Aontaíonn na páirtithe go léir dul faoi dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann. Má tá aon fhoráil de na téarmaí agus coinníollacha seo neamhdhleathach, curtha ar neamhní nó neamh-infheidhmithe, meastar é a bheith inscartha agus ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht nó in-fhorghníomhaitheach na bhforálacha eile.
3. An Suíomh Gréasáin
- 3.1 Déanfaidh an ROÓ gach iarracht réasúnach chun an Suíomh Gréasáin a chothabháil agus é ar intinn é a bheith ar fáil seacht lá na seachtaine agus déanfar gach iarracht chun infhaighteacht an tSuímh Ghréasáin a athbhunú a luaithe is féidir má tharlaíonn cur isteach nó fionraí ar infhaighteacht an tSuímh Ghréasáin. D’fhéadfaí rochtain ar an Suíomh Gréasáin a dhiúltú, a chosc nó cur isteach uirthi mar thoradh ar chúinsí lasmuigh de smacht an ROÓ.
- 3.2 Féadfaidh an ROÓ an Suíomh Gréasáin a chur ar fionraí gan dliteanas d’aon Úsáideoir, má bhíonn sí sásta gur gá a leithéid sin le haghaidh cothabhála, chun an Córas, Úsáideoirí eile an Chórais nó an ROÓ a chosaint.
- 3.3 Tá sé de cheart ag an ROÓ loga iniúchta a choinneáil ar gach úsáid as an Suíomh Gréasáin.
- 3.4 Tá ceart úinéireachta agus úsáide ag an ROÓ as a seoladh I.P. féin.
- 3.5 Forchoimeádann an ROÓ an ceart an Suíomh Gréasáin a leathnú agus a fheabhsú de réir mar is gá chun tacú leis an bpróiseas iarratais.
- 3.6 Tá sé de cheart ag an ROÓ a cóipcheart a chosaint maidir le gach sonraí agus/nó cód ríomhaire atá ann i bhfabhar an ROÓ.
4. Ní dhéanfaidh an tÚsáideoir:
- Mí-úsáid a bhaint as an Suíomh Gréasáin ar aon bhealach, nó aon rud a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar, a dhéanfadh damáiste do, nó a dhéanfadh díobháil ar aon bhealach don Suíomh Gréasáin.
- Iarracht ar an Suíomh Gréasáin nó faisnéis ar an Suíomh Gréasáin a athrú nó cur isteach air nó cur isteach ar bhealach eile ar na Sonraí nó ar an gCóras.
- Cóipcheart an Stáit, cóipcheart na ROÓ nó aon chearta maoine intleachtúla eile nó cearta aon duine eile ar an Suíomh Gréasáin nó faisnéis ar an Suíomh Gréasáin a shárú.
5. Déanfaidh an tÚsáideoir:
- Monatóireacht ar chomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo ag gach Úsáideoir(í) údaraithe agus, má fhaightear eolas faoi aon úsáid neamhúdaraithe nó rochtain ar an Suíomh Gréasáin nó sáruithe eile, bearta réasúnta a ghlacadh lena chinntiú go scoirfidh an duine sin de ghníomhaíocht dá leithéid agus nach dtarlóidh sé arís.
- Freagracht a ghlacadh as na Sonraí go léir a chur isteach, lena n-áirítear an Fhoirm, doiciméid atá comhlánaithe, inléite agus nach bhfuil truaillithe.
6. Eisiamh agus teorannú dliteanais
Ní bheidh an ROÓ ná aon tríú páirtí faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó damáiste, díreach, indíreach nó iarmhartach, a eascraíonn as aon bhriseadh sealadach nó eile in infhaighteacht an tSuímh Ghréasáin nó Rochtain ar an Suíomh Gréasáin.
7. Force Majeure
Ní bheidh ceachtar páirtí freagrach as aon mhoill maidir le comhlíonadh nó mainneachtain aon cheann dá oibleagáidí faoi na téarmaí agus coinníollacha seo a eascraíonn ó theagmhais nach bhfuil smacht réasúnach ag an bpáirtí orthu.
8. Sárú tromchúiseach
Ceadóidh sárú tromchúiseach ar na téarmaí agus na coinníollacha don ROÓ rochtain ar an gCóras a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis.
9. Naisc chuig Suíomhanna Gréasáin Tríú Páirtí
D’fhéadfadh naisc chuig suíomh ghréasáin tríú páirtithe a bheith ar an Suíomh Gréasáin seo. Níl an ROÓ freagrach as polasaithe príobháideachta ná as ábhar suíomhanna tríú páirtí agus moltar na polasaithe príobháideachais a léamh nuair is mian leat cuairt a thabhairt ar shuímh dá leithéid.
10. Foirceannadh Rochtana
- 10.1 Ní dhéanfar mainneachtain ar thaobh ceachtar páirtí aon cheann de na téarmaí agus coinníollacha seo a fhorghníomhú a fhorléiriú mar tharscaoileadh ar na téarmaí sin nó mar tharscaoileadh ar an gceart aon cheann de na téarmaí agus coinníollacha a fhorghníomhú ag tráth níos déanaí.
- 10.2 Ní scaoileann foirceannadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo ceachtar páirtí óna n-oibleagáidí faoi seach roimhe seo nó ní dhéanann sé lagú ná dochar dá gcearta faoi seach i gcoinne na bpáirtithe eile má tháinig na hoibleagáidí nó na cearta sin chun cinn roimh an bhfoirceannadh.
11. Naisc chuig Suíomhanna Gréasáin Tríú Páirtí
Cuirfear deireadh go huathoibríoch le rochtain ar an Suíomh Gréasáin nuair nach bhfuil aon úsáid á baint as an gCóras de bhun na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar feadh tréimhse leanúnach bliana ag aon tráth tar éis an dáta tosaithe úsáide agus féadfaidh an ROÓ nó an tÚsáideoir é a fhoirceannadh ag aon am le fógra i ríomhphost chuig/ón ROÓ.