Is iad seo a leanas na cuspóirí dá bpróiseálann an Roinn do shonraí agus/nó sonraí do linbh:
Chun críocha na próiseála sonraí seo, is comhrialaitheoirí sonraí iad an Roinn agus an coiste achomhairc. Tá an socrú seo le feiceáil san fhógra seo.
Tuismitheoirí/Caomhnóirí nó an scoláire má tá siad os cionn 18 mbliana.
Catagóirí an ábhar sonraí:
Catagóirí sonraí pearsanta:
Achomharcóir – Tuismitheoir/scoláire/caomhnóir dlíthiúil
Dalta (a bhfuil an t-achomharc á dhéanamh thar a c(h)eann) nó scoláire má tá siad os cionn 18 mbliana agus an t-achomharc á dhéanamh acu
Baill an Choiste
Freagróir – An Scoil
OLO
ERSO
Aitheantas an ERSO le hainm agus in amanna le seoladh ríomhphoist (d'achomhairc ina bhfuil riachtanais speisialta ag an dalta).
Má tá sé ar intinn ag an Roinn do shonraí nó sonraí do linbh a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas na críocha atá liostaithe san fhógra seo, cuirfidh an Roinn faisnéis ar fáil duit roimh an bpróiseáil bhreise sin ina mbeidh aon fhaisnéis bhreise ábhartha ar an gníomhaíocht phróiseála agus ar do chearta cosanta sonraí.
Comhroinnt Sonraí
Féadfar sonraí gach fiosrúcháin a roinnt le Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) agus féadfar iad a roinnt freisin le SENO (An Chomhairle Náisiúnta um Oideachais Speisialta) má tá sainriachtanais oideachais ag do leanbh.
D’fhéadfaí do Shonraí a roinnt le rannóga eile sa Roinn Oideachais agus Óige freisin.
Is é an bunús dlí don chomhroinnt sonraí seo den Acht Oideachais 1998.
Coinneofar na sonraí a phróiseáiltear ar feadh tréimhse 25 bliana (faoi réir athbhreithnithe).
Ní dhéanfar aon chuid de do shonraí nó sonraí do linbh a aistriú chuig tír lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch i.e. an AE agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
Lean an nasc gov.ie chun faisnéis a fháil faoi do cheart rochtain a fháil ar do shonraí agus ar shonraí do linbh.
Is féidir leat freisin do cheart a fheidhmiú chun do shonraí a cheartú, féachaint le srian a chur ar an gcaoi ar féidir iad a phróiseáil nó cur i gcoinne an chaoi inar féidir iad a phróiseáil. Ní bhainfear úsáid as do shonraí nó as sonraí do linbh le haghaidh cinnteoireachta nó próifílithe uathoibrithe, féach Chosaint Sonraii le haghaidh Treoir an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar Chearta Ábhar Sonraí.
Cé go bhfuil sé de cheart agat a iarraidh go scriosfaí do shonraí nó sonraí do linbh b’fhéidir nach mbeidh an Roinn in ann aontú le d’iarratas má tá sé níos lú ná 25 bliain ó chuir tú d’iarratas isteach faoin scéim seo. Ar aon dul leis sin, b’fhéidir nach mbeidh an Roinn in ann aontú le d’iarratas ar scriosadh má tá do shonraí faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986 agus nach bhfuil aon ordú déanta chun an chatagóir sonraí sin a dhiúscairt faoin Acht sin, féach treoir ón gCartlann Náisiúnta
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, féach Cosaint Sonrai
Is féidir teacht ar eolas breise faoin gcaoi ina bhfeidhmíonn an scéim seo ag education.gov.ie
Is í an Roinn Oideachais agus Óige an comhrialtóir sonraí leis an gcoiste achomhairc chun do shonraí a phróiseáil. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne trí ríomhphost a sheoladh chuig dpo@education.gov.ie nó tríd an bpost chuig an Roinn Oideachais agus Óige, Aonad Comhlíonta agus Tacaíochta Sonraí, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659.