Foirm theagmhála do chustaiméirí

Inrochtaineacht an tSuímh

Ráiteas Inrochtaineachta

Táimid tiomanta do chinntiú go bhfuil an suíomh gréasáin seo inrochtana don mhéid daoine agus is féidir, beag beann ar theicneolaíocht nó cumas. Táimid ag obair go gníomhach chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár suíomh gréasáin a mhéadú agus cloí ag an am céanna leis an oiread de na caighdeáin agus de na treoirlínte atá ar fáil agus is féidir.

Dearadh an suíomh seo ó bhonn aníos agus aird ar inrochtaineacht, ag cloí ní hamháin le riachtanais na gcaighdeán a gcuirtear síos orthu thíos, ach le gnéithe breise freisin lena n-áirítear:

Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin

Tugann an suíomh gréasáin seo faoi inrochtaineacht “Trí-A” a bhaint amach ar Threoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.0 2.0 (WCAG 2.0)de chuid Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda (W3C), ag baint úsáide as teicnící dea-chleachtais má tá seicphointí áirithe Tosaíochta 3 imithe as dáta.

Míníonn WCAG 2.0 conas ábhar gréasáin a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumais. Cabhróidh comhlíonadh na dtreoirlínte seo an gréasán a dhéanamh níos so-úsáidte do gach duine.

Caighdeáin W3C

Tógadh an suíomh seo le cód a chomhlíonann caighdeáin W3C do HTML 5 agus CSS 3. Tá an suíomh le feiceáil i gceart sna brabhsálaithe reatha. Úsáideann sé cód HTML 5/CSS 3 a chomhlíonann caighdeáin, rud a chiallaíonn gur cheart go mbeadh aon bhrabhsálaithe amach anseo le feiceáil i gceart freisin.

Eisceachtaí

Cé go gcloíonn an suíomh seo le treoirlínte aitheanta inrochtaineachta agus inúsáidte, ní féidir a leithéid a dhéanamh go pointeáilte i gcónaí. Sáraíonn a lán de na deacrachtaí a raibh gá le treoirlínte dóibh tráth na brabhsálaithe agus teicneolaíochtaí rochtana, rud a fhágann go bhfuil roinnt seicphointí imithe i léig.

Ina fhianaise sin, bíonn réitigh á bhforbairt againn i gcónaí a chinntíonn go gcloíonn an suíomh gréasáin le spiorad gach seicphointe, ag tabhairt le chéile ardchaighdeán inrochtaineachta agus inúsáidteachta praiticiúil ar fud an tsuímh ghréasáin.

Straitéis don Todhchaí