Is scam é fioscaireacht ina seoltar ríomhphoist bhréagacha chuig daoine d’fhonn iad a mhealladh chun faisnéis phearsanta nó airgeadais a nochtadh. Má leanann duine neamh-airdeallach nasc sa ríomhphost, tógfar chuig leathanach gréasáin bréige é, a dhéanfaidh bob a bhualadh air chun eolas pearsanta a chur isteach ar nós UAP, pasfhocal, UPSP nó faisnéis chuntas bainc. Féadfar an fhaisnéis sin a úsáid ar bhealaí éagsúla, m.sh. iarratas a dhéanamh ar chárta creidmheasa in ainm an duine nó seiceanna a scríobh óna chuntas bainc. D’fhéadfadh an chuma a bheith ar ríomhphoist fioscaireachta gur ó ranna rialtais mar an Roinn Oideachais agus Óige nó bainc, cuideachtaí cártaí creidmheasa agus siopaí ar líne a tháinig siad. D’fhéadfadh lógónna réalaíocha a bheith orthu agus téacs a bhfuil cuma oifigiúil air. D’fhéadfadh rabhadh fioscaireachta a bheith leo freisin.
Tabhair faoi deara: - Ní sheolfaidh an Roinn Oideachais agus Óige ríomhphost chugat go deo gan iarraidh ina n-iarrfar ort do chuid faisnéise pearsanta a sheoladh trí ríomhphost nó ar fhuinneog aníos.
Tabhair faoi deara gur féidir teacht ar do sheoladh ríomhphoist go minic ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, nó a ghintear go randamach. Mar sin má fhaigheann tú ríomhphost bréige a bhfuil an chuma air gur ón Roinn Oideachais agus Óige é, ní chiallaíonn sé sin gur bailíodh do sheoladh ríomhphoist, d’ainm nó aon eolas eile ó chórais na Roinne Oideachais agus Óige. Má fhaigheann tú ríomhphost gan iarraidh a thugann le fios gur tháinig sé ag ón Roinn Oideachais agus Óige le nasc chuig suíomh gréasáin ba cheart duit neamhaird a thabhairt air.
'Smioscaireacht' an t-ainm a thugtar ar scéimeanna calaoiseacha trína seoltar SMS (teachtaireacht téacs) chugat ina bhfuil nasc chuig suíomh gréasáin calaoiseach nó uimhir theileafóin chun iarracht a dhéanamh faisnéis phearsanta a bhailiú. Tuairiscíodh ionsaithe smioscaireachta, ina seoltar teachtaireacht téacs chuig daoine le naisc chuig suíomh gréasáin bréige a bhfuil an chuma air gur ón Roinn Oideachais agus Óige é.
Cuimhnigh le do thoil nach seolfaidh an Roinn Oideachais agus Óige riamh teachtaireachtaí téacs gan iarraidh.
Má fhaigheann tú ríomhphost gan iarraidh a thugann le fios gur tháinig sé ag ón Roinn Oideachais agus Óige le nasc chuig suíomh gréasáin ba cheart duit neamhaird a thabhairt air.
Déantar leathanaigh ar https://cs.education.gov.ie w ar a mbíonn faisnéis phearsanta á lorg a chriptiú trí úsáid a bhaint as teastas SSL sínithe ag GeoTrust. Is féidir leat a fhíorú go bhfuil an leathanach slán trí íocón glas eochair a lorg i do bhrabhsálaí, mar aon le raon comharthaí sofheicthe.
Ní mholann an Roinn Oideachais agus Óige faisnéis phearsanta nó rúnda a sheoladh trí ríomhphost. Seoltar ríomhphost trí líonraí poiblí, agus is féidir greim a fháil air agus é a léamh mura bhfuil sé cosanta le criptiú. Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir leis an Roinn Oideachais agus Óige ráthaíocht a thabhairt go bhfuil aon sonraí pearsanta agus íogair, a sheoltar i ngnáth-théacs trí ghnáth-ríomhphost, iomlán slán. Meastar go nglacann custaiméirí a roghnaíonn an cainéal seo a úsáid le haon riosca atá ann.
Nuair a bhuaileann oifigigh na Roinne Oideachais agus Óige le custaiméirí agus iad i mbun oibre ar dualgas lasmuigh, ní mór dóibh iad féin a shainaithint, a gCárta Aitheantais oifigiúil de chuid na Roinne Oideachais agus Óige a thaispeáint agus cuspóir an chruinnithe a chur in iúl. Ba chóir d’oifigigh freisin cártaí gnó a léiríonn seoladh agus uimhir theileafóin na hoifige lena mbaineann siad agus ba cheart don chustaiméir an fhaisnéis seo a úsáid chun bona fides an oifigigh a dheimhniú.